An t-Urramach Jim Stothers

Rugadh agus tógadh Jim Stothers in oirthear Bhéal Feirste, áit a raibh sé ina bhall d’Eaglais Phreispitéireach Belmont. Nuair a bhí sé thart ar fiche bliain d’aois mhúscail suim sa Ghaeilge ann, mar thoradh ar é a bheith ag éisteacht le Raidió Éireann – níorbh ann do RnaG sna laethanta sin! Chuaigh sé i mbun oiliúna mar innealtóir sibhialta in Ollscoil na Banríona ach mhothaigh sé gairm chun na ministreachta Críostaí. Sa bhliain 1981 bhain sé Máistreacht sa Diagacht amach agus ba é ‘The Use of the Irish Language by Irish Presbyterians with particular Reference to Evangelical Approaches to Roman Catholics’ ábhar an tráchtais a scríobh sé ina leith.

Chaith sé sealanna mar mhinistir Preispitéireach i gContae an Dúin, i gContae Dhún na nGall agus i gContae Aontroma. Ceapadh ina Leas-Chléireach den Tionól Ginearálta é in 2014. Chuaigh sé ar scor in 2020 ach tá sé go fóill ag obair ar bhonn páirtaimseartha i dTithe Tionóil na hEaglaise Preispitéirí in Éirinn. Tá sealanna caite aige ag foghlaim na Gaeilge ó am go chéile ó bhí sé 20 bliain d’aois, ach bhain sé TGM (GCSE) agus leibhéal AS amach le gairid ag Turas agus ag An Droichead. Tá sé ag fanacht lena thoradh sa scrúdú Ardleibhéil i mí Lúnasa 2021. Sa léacht seo

Scroll to Top