Ruairí Ó Bléine

Cuireadh oideachas ar Ruairí Ó Bléine sa Lorgain i gContae Ard Mhacha agus in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, áit ar cháiligh sé sa leigheas i 1957. Rinne sé sainstaidéar ar shláinte an phobail agus bhí sé ina cheann ar an Roinn Leighis Pobail agus Staitisticí Leighis in Ollscoil na Banríona go 1988. Scríobh sé ‘Belfast: 100 Years of Public Health’ (1988), ‘Nótaí ón Lia’ (1999) agus ‘Presbyterians and the Irish Language’ (1996), saothar ceannródaíoch a bhfuil an 4ú heagrá de i gcló. Chaith Ruairí seal mar Thánaiste ar Chonradh na Gaeilge agus is duine de bunaitheoirí Iontaobhas ULTACH é. Is é Cathaoirleach Chumann Gaelach Ard Mhic Nasca é agus is comhalta boird é den Chomhairle Caidrimh Pobail agus de Chomhaltas Uladh. Tá sé ina chónaí lena bhean chéile, Brenda, in Ard Mhic Nasca, áit ar thóg siad teaghlach de chúigear trí mheán na Gaeilge. Tá ceathrar garpháiste dhéag acu.

Scroll to Top