FÚINN

FÚINN

I bhfómhar na bliana 2021, beidh muid ag comóradh 30 bliain ó bunaíodh Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, eagraíocht cheannródaíoch i bhforbairt chultúrtha agus forbairt na Gaeilge i gceann de na ceantair is díothaí go sóisialta agus go heacnamaíoch i mBéal Feirste.

Le linn an tionscadail dhá bhliain seo, a bheidh ar siúl ó 2020-22, táimid ag tabhairt faoi thaighde agus plé maidir leis an oidhreacht uathúil agus an stair bhunathraithe a bhaineann leis An Chultúrlann in Iarthar Bhéal Feirste, ag obair go sonrach leis na daoine a chónaíonn agus a oibríonn in aice láimhe. Tá clár imeachtaí speisialta curtha le chéile againn, lena n-áirítear taispeántais amharc-ealaíne agus ghrianghrafadóireachta, léachtaí, gníomhaíochtaí oideachais agus ealaíne do leanaí, taispeántas idirghníomhach, tionscadal stair béil agus ceolchoirmeacha.

Chomh maith le bheith ina hionad ealaíon, cultúir, oidhreachta agus Gaeilge, tá An Chultúrlann mar a bheadh gorlann ann ó bhí 1991 ann do go leor eagraíochtaí rathúla. I measc na ngrúpaí a thosaigh amach faoi aon scraith linn bhí Raidió Fáilte, Féile an Phobail, Aisling Ghéar, Comhairle na Gaelscolaíochta, Coláiste Feirste agus Lá a ndearnadh eagraíochtaí rathúla neamhspleácha, bláfara díobh a spreagann, a theagascann agus a fhostaíonn daoine ó gach gné den saol. Breathnaíonn an tionscadal seo ar a dtionchar agus ar fhís ár mbunaitheoirí, a raibh go leor dúshlán rompu le linn tréimhsí an-chorraitheach in Iarthar Bhéal Feirste.

Tá an stair béil ina gné lárnach dár gceiliúradh ar cheann de na tionscnaimh phobail is rathúla i mBéal Feirste. Táimid ag gabháil le cuimhní cinn fhísitheoirí, ailtirí agus thiománaithe An Chultúrlann, agus táimid ag síneadh amach chuig an bpobal Preispitéireach bunaidh a bhíodh ag adhradh san fhoirgneamh d’fhonn a gcuid scéalta a thaifeadadh, agus ar an gcaoi sin a gcuid scéalta luachmhara agus ár gcomhoidhreacht a chaomhnú glúnta le teacht.

Is mian le foireann na Cultúrlainne buíochas a ghabháil le Ciste Oidhreachta an Chrannchuir Náisiúnta (The National Lottery Heritage Fund). Is mian linn fosta, buíochas a ghabháil lenár n-oibrithe deonacha go léir, lena n-áirítear iarbhaill agus baill reatha dár mBord Iontaobhaithe a d’oibrigh go dian gan staonadh thar na blianta. Tá An Chultúrlann lán fuinnimh agus brí, a bhuíochas do na healaíontóirí, taibheoirí, lucht féachana, múinteoirí, daltaí scoile agus mic léinn; dár dtionóntaí gnó agus custaiméirí agus do pháirtithe leasmhara eile ó chian agus ó chóngar, agus táimid fíorbhuíoch díobh as a dtacaíocht leanúnach. Táimid fíorbhuíoch fosta as tacaíocht ó mhaoinitheoirí eile dár n-imeachtaí leanúnacha, is iad sin Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann, Foras na Gaeilge, Ciste Infheistíochta na Gaeilge, Comhairle Cathrach Bhéal Feirste, an Roinn Pobal agus Conradh na Gaeilge.

Scroll to Top