John Bradbury

Is céimí le stair é John Bradbury agus d’fhoilsigh Appletree Press a leabhar ‘Celebrated Citizens of Belfast’ in 2002. Is iomaí alt le John a foilsíodh i nuachtáin agus irisí éagsúla thar na blianta agus tá ábhar craolta aige a bhaineann leis na healaíona, leis an cheol, le cultúr agus leis an stair. Tá cainteanna staire agus litríochta tugtha aige in Ollscoil na Banríona i mBéal Feirste. Chaith John seal mar threoraí ar son Leabharlann an Línhalla fud fad na Ceathrún Línéadaigh sa chathair. Sa léacht seo díríonn John ar an chomhthéacs sóisialta agus cultúrtha ina ndeachaigh Robert Shipboy McAdam i mbun a obair chaomhnaithe. (Béarla, 45 bomaite)

Scroll to Top