Bríghid Mhic Sheáin

Is staraí agus údar Feirsteach í Bríghid Mhic Sheáin a bhfuil suim ar leith aici i stair a cathair dhúchais agus foilsíodh a leabhar ‘Teach Ard na bhFeá’ in 2021. Chuir Bríghid eolas ar Robert Shipboy McAdam den chéad uair sa leabhar ‘Béal Feirste Cois Cuain’ le Breandán Ó Buachalla agus tríd an taighde a rinne a deartháir cleamhnais féin, Séamas Mac Diarmada, air. Sa léacht seo, a tugadh ar an 28 Meitheamh 2021 i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich, nochtann sí eolas faoi McAdam nach bhfuil ar eolas go forleathan. (45 bomaite)

Scroll to Top