Léachtaí Uí Fhiaich

Rugadh Tomás Ó Fiaich i gCoilleach Eanach in Ard Mhacha Theas. Ba scoláire iomráiteach Gaeilge é a raibh suim ar leith aige sa bhéaloideas agus sa stair. Ardaíodh ina Chairdinéal é sa bhliain 1979 agus lean sé lena spéis mhór sa stair áitiúil agus i stair na hÉireann i gcoitinne. Le himeacht ama, tháinig sé chun cinn mar phearsa lárnach sa saol polaitiúil ó thuaidh, de réir mar a ghéaraigh na trioblóidí. D’imigh an Cairdinéal Ó Fiaich ar shlí na fírinne in 1990 agus ainmníodh Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, a osclaíodh in 1991, in ómós dó. Sa léacht seo, amharcann an t-iriseoir agus staraí John Cooney ar luath laethanta an Chairdinéil agus an spéis mhór a bhí aige sa teanga.

Maidir le John Cooney

De réir an Ollaimh Terence Brown ina stair oifigiúil The Irish Times, 150 Years of Influence, tá John Cooney “chun tosaigh maidir le hábhar plé agus conspóide bríomhar a dhéanamh den reiligiún.” Ó tháinig sé go hÉirinn ó Albain in 1972, tá go leor scríofa aige ar “Na Trioblóidí” d’fhoilseacháin anseo in Éirinn agus sa Bhreatain lena n-áirítear The Glasgow Herald agus The Times. Tá sé ar an aon iriseoir amháin in Éirinn le bheith ina chomhfhreagraí creidimh don Irish Times agus don Irish Independent ar aon. Faoi anáil idéil Réabhlóid na Fraince, ba bhunaitheoir-stiúrthóir é ar Scoil Samhraidh Humbert i gCo Mhaigh Eo idir 1987 – 2014 agus faoi láthair tá sé ag tabhairt faoi Chumann Hans Kung na hÉireann a bhunú i gcomhar le Brendan Butler. Is scríbhneoir rialta leis an léirmheas dhiaga, Doctrine & Life é agus ba Chomhalta Cuartaíochta Oinigh é sa Léann Éireannach idir 1996-1998 ag Ollscoil Obar Dheathain. Is é a scríobh John Charles McQuaid, Ruler of Catholic Ireland agus tá sé ag ullmhú na beathaisnéise Cardinal Tomás Ó Fiaich, Ireland’s Lost Peacemaker.

Scroll to Top