“Trí Bhean na n-Ealaíon”

Cuimsíonn “Trí Bhean na n-Ealaíon,” sraith agallamh le mná ealaíontóirí mar cheiliúradh ar Lá Idirnaisiúnta na mBan 2021 agus 30 bliain ó bunaíodh na Cultúrlainne. Labhraíonn baill foirne ón Chultúrlann le mná ealaíontóirí atá baint nach beag acu le Cultúrlann Mc Adam Ó Fiaich.

1. Nuala Ní Néill – Aisteoir, Scríbhneoir, Stiúrthóir

San agallamh seo, insíonn aisteoir, Nuala Ní Néill do Shinéad Nic Colaim, Oifigeach Oideachais Óige, An Chultúrlann, faoin bhaint atá aici agus a saothar leis an Chultúrlann lena n-airítear a scolaíocht ar Mheánscoil Feirste a lonnaíodh sa Chultúrlann, chomh maith lena hiomaí léiriú amharclannaíochta in Amharclann Mhic Cionnaith.

2. Eimear Nic Roibeaird – Fís Ealaíontóir

San agallamh seo, insíonn fís-ealaíontóir, Eimear Nic Roibeaird do Bhrónagh Fusco, Bainisteoir Imeachtaí, An Chultúrlann faoin bhaint atá aici agus a saothar leis an Chultúrlann lena n-airítear a céad taispeántas proifisiúnta a léirigh sí linn sna Ballaí Bána, gailearaí anseo sa Chultúrlann.

3. Therese Bann – Ceoltóir

San agallamh seo, insíonn ceoltóir, Therese Bann do Chaoimhe Ní Chathail, Oifigeach Margaíochta, An Chultúrlann, faoin bhaint atá aici agus a saothar leis an Chultúrlann lena n-áirítear na seisiúin atá seinnte aici agus foinn ata tógtha aici i bpobal an ceoil anseo sa Chultúrlann thar na blianta. Tá an físeán seo in ómós dár gcara dílis Aoife Ní Riain.

Scroll to Top