30 Bliain ag Fás

30 Years a Growing

Déanann an taispeántas grianghrafadóireachta seo ceiliúradh ar 30 bliain beoga de Cultúrlann McAdam Ó Fiaich i 2021. Ag tarraingt ónár gcartlann féin, ón Ghrúpa Meán Bhéal Feirste agus ó bhailiúcháin phríobháideacha an phobail, tugann an cnuasach ar líne seo de thríocha grianghraf léargas fíorshuimiúil ar stair agus ar oidhreacht na Cultúrlainne i gcaitheamh na mblianta. Bunaíodh An Chultúrlann sa tsean-Eaglais Phreispitéireach ag Broadway 30 bliain ó shin, in 1991 le cóiríocht a sholáthar don iar-bhunscoil lán-Ghaeilge, Meánscoil Feirste, a raibh 9 ndalta aici ag an am agus a leathnaigh níos faide ná na ballaí seo ó shin le rolla de 900.

D’fhógair oscailt na Cultúrlainne tús le ré nua. Den chéad uair, bhí áit chruinnithe i rith an lae ag Gaeilgeoirí Bhéal Feirste agus ag Gaeilgeoirí níos faide ó bhaile. Bhog gnólachtaí éagsúla agus ealaíontóirí aonair isteach agus, go dtí an lá atá inniu ann, is mol cruthaitheach agus nuálach é an t-ionad do na healaíona, don chultúr, do sholáthar don óige, don bhreisoideachas agus don iriseoireacht. Cuirtear fearadh na fáilte inti roimh an phobal le sult a bhaint as na himeachtaí agus as cuideachta cairde, sean agus nua.

Féach ar an Taispeántas ar fad

(Faoiligh ar an ghrianghraf le haghaidh tuilleadh eolais)

Scroll to Top